Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Ceiliúradh Fhéile Touhey 18-20 Iúil
Ceiliúradh Fhéile Touhey 18-20 Iúil E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 06 August 2008

Rinneadh comóradh ar an phíobaire Patsy Tuohey le deirneas in ócáid spraoiúil agus spóirtiúil in  Iarthar na Gaillimhe. Ar ndóigh, bhí na píobaí uilleann go mór le cloisteáil i gcomharsanacht Locha Riach le linn na féile seo agus ceardlanna is ranganna ar leith ag díriú ar ghrúpaí is ar chaighdeáin éagsúla.

Le tús a chur l’imeachtaí dheireadh na seachtaine, bhí léacht comórtha le Pat Mitchell ar shaol is ar shaothar Patsy Touhey mar aon le taispeántas Píbe speisialta ag Joe Doyle sa leabharlann. Labhair Gay McKeon, CEO na Píobairí Uilleann, ar thábhacht an fhéile agus ar an mheas atá ag píobairí ar fud na cruinne ar Patsy Touhey agus é ag oscailt na féile go hoifigiúil. Díreach ina dhiaidh sin, bhí ceilí mór leis buíon ceoil ‘Glenside’.

Cuireadh ranganna agus ceardlanna ar na píobaí ar siúl thar dheireadh na seachtaine. Bhí seoladh leabhar ‘The Turoe Stone Vol.II’ leis an chumadóir ceoil de bhunadh na háite Vincent Broderick a bhuaigh gradam ceoil TG4 roinnt blianta ó shin. Caithfidh a rá, áfach go raibh an cheolchoirm mhór in ómós Patsy Touhey 19 Iúil ar an mhír is speisiúla sa chlár agus réimse leathan ceoltóirí ag glacadh páirte... Joe agus Ann Conroy Burke, Joe Doyle, Ciara Maxwell, Pat agus Val Broderick, Michael Rafferty, John Joe Forde, Cormac Ó Briain, Steve Porter, Mikie Smith, Richard agus David Neylon, Comhaltas Ceoltóirí Éireann is go leor eile. I measc na bpíobairí a bhéas thart thar dheireadh na seachtaine chomh maith beidh:, Cormac Ó Briain, Steve Porter, Mikie Smith agus Richard Neylon.

Bhí aifreann fíor-speisialta eagraithe sa mhainistir ina raibh go leor ceoil seinnte agus cuireadh clabhsúr l’imeachtaí na seachtaine agus ‘Picnic na bPíobairí’ ar siúl ag gairdín na gceoltóirí agus ag an áit a rugadh Patsy Touhey.

Caithfidh a rá go raibh seisiún ceoil bríomhar ar siúl gach oíche i rith na seachtaine Luan- Domhnach 13- 20 Iúil agus siamsaíocht den scoth curtha ar fáil.

Ag labhairt ar na himeachtaí ar fad, dúirt Michael Fahy, Cathaoirleach CCÉ Bhaile Locha Riach nach raibh aon amhras air ach gur m,hothaigh sé gur bhain go leor daoine an-sult as imeachtaí na seachtaine. Ghabh sé buíochas ar leith roimh an choiste eagraithe, roimh na múinteoirí uile agus teaghlaigh a thacaigh go mór l’imeachtaí na seachtaine. D’admhaigh sé go raibh gá le forbairt i gcónaí agus go raibh pleananna leagtha amach cheana féin le feabhas a chur ar chúrsaí don bhliain seo chugainn.

Faraor, ní dhearna sé dearmad buíochas a ghabháil leis an tacaíocht flaithiúil ó Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus foinsí urraíochta eile.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?