News
Béal a Phobail
Cabhair á lorg ag Lá Nua atá i mbaol dúnta | Cabhair á lorg ag Lá Nua atá i mbaol dúnta |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 13 February 2008 | |
|
Tá foireann an pháipéir laethúil Gaeilge, Lá Nua, tar éis a fhógairt go bhfuil an-chuid teachtaireachtaí tacaíochta fáighte acu ón bpobal ón am gur fhógraíodh go raibh Lá Nua i mbaol dúnta ag tús na seachtaine seo. I ngeall ar an tacaíocht go léir tá achainí seolta acu ar an idirlíon agus is féidir é sin a fheiceáíl agus a shíniú ag www.petitiononline.com/ln0502/petition.html. Tá Foras na Gaeilge tar éis diultú dá n-iarratas le h-aghaidh tacaíocht. I bplean a chuireadar faoi bhráid an Fhorais bheadh an an nuachtán á fhoilsiú ar an idirlíon amháin go dtí go mbeidh deireadh leis an sáinn seo. Níl an institiúid teanga tras teorainn, áfach, tar éis aon chinneadh a dhéanamh faoin dara rogha sa phlean a chuireadar ós a gcomhair. De réir an tairiscint sin, má thugann an Fhoras deontas £100,000 sterling nó €150,000 don nuachtán, leanfaidh siad ag foilsiú an nuachtán clóite go deireadh na bliana. Fán am sin beidh conradh nua á chur ar thairiscint ag an bhForas nó beidh deireadh le conradh reatha Lá Nua. Ciallóidh sin go mbeidh deis ag Lá Nua iarratas nua ar chonradh a ullmhú agus gur féidir teacht thar an sainn sa bhealach sin,dar leo. Afach, níl sé i gceist ag Bord an Fhorais cruinniú a bheith ann arís go dtí 14ú Márta agus fán am sin, beidh Lá Nua tar éis stop a chur le foilsitheoireacht, deir siad. Creideann Lá Nua go bhfuil gá le cruinniú eigeandála den Fhoras roimh dheireadh mí Feabhra chun an cheist tábhachtach seo a phlé. |
| < Prev | Next > |
|---|