News
Béal a Phobail
Cúrsa Gaeilge d'Eachtrannaigh i Músaem Cathrach na Gaillimhe | Cúrsa Gaeilge d'Eachtrannaigh i Músaem Cathrach na Gaillimhe |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 27 February 2008 | |
|
Beidh Músaem Cathrach na Gaillimh ag cuir cúrsa gairid ar siúl d'eachtrannaigh atá ag obair i nGaillimh, cúrsa a bheidh dírithe ar an teanga a chur i láthair na ndaoine don chéad uair. I ngeall ar an méid daoine atá ina gcónaí agus ag obair i nGaillimh ó thíortha eile anois, séard a bheidh i gceist leis seo ná cúrsa aon lae a thabharfaidh blaiseadh do dhaoine de stair agus foghraíocht na teanga. Beidh an cúrsa seo á reachtáil ar an Aoine, 14ú Márta, idir 12-2in, mar chuid de chlár Sheachtain na Gaeilge an Mhúsaem. I measc na n-imeachtaí eile atá ar chlár an Mhúsaem do n tseachtain tá dhá lá oscailte ina mbeidh turais den mhúsaem ar fáil tré Ghaeilge - Dé Céadaoin 5ú agus Dé Céadaoin 12ú Márta, ag 12rn agus 2in. |
| < Prev | Next > |
|---|