Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Buaiteoirí Fuinneoga na Nollag
Buaiteoirí Fuinneoga na Nollag E-mail
Written by Administrator   
Wednesday, 24 January 2007
Fograíodh buaiteoirí ar chomortas fuinneoga na Nollag i mBaile Locha Riach le déanaí. B'iad Gaeilge Locha Riach a d'eagraigh an comortas idir shiopadoirí an Bhaile i gcomhar le Conradh na Gaeilge agus Glor na nGael.

2724.jpgCarol Ní Dhochartaigh ag bronnadh seic €100 o Chonradh na Gaeilge, Baile Locha Riach, ar Sylvia Burke o Little Expectations a bhuaigh Comortas Fuinneoga na Nollag sa bhaile sin.

Tugadh faoi deara go raibh forbairt nach beag tagtha ar mhaisiúcháin as Gaeilge an Nollaig seo agus seacht siopa curtha ar an ghearrliosta i mbliana: Broderick's Siopa Traidisiúnta, Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin, Hill's Footwear, Little Expectations, Loughrea's Motor Factors, Oasis agus Ryan's T.V.

Rinne cuid de na páistí o Ghaelscoil Riabhach a mbreithiúnas agus bronnadh na duaiseanna ar na buaiteoirí.

Sa chéad áit, bhí Little Expectations agus bhronn Carol Ní Dhochartaigh seic €100 o Chonradh na Gaeilge ar Sylvia Burke on fhoireann ansin.

Sa dara áit, bhí Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin agus bhí an bainisteoir David McDonnell breá sásta seinnteoir MP3 urraithe ag Glor na nGael a ghlacadh o Charol Ní Dhochartaigh.

Creideann Gaeilge Locha Riach go mbeidh comortas ní ba mho eagraithe acu fá choinne Sheachtain na Gaeilge i Mí an Mhárta.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think the drink driving limit should be changed?
 
Great value beds and mattresses online in Ireland.

Sleep On Savings

Save on-line now with Mattress.ie »

Mattress.ie – a Bedzilla Company
Ireland & UK beds and mattress specialist.
Sealy beds and Sealy mattress stockists.