News
Béal a Phobail
Bronnann an tAire an Chéad Séala Feabhais ar 54 Aistritheoir Creidiúnaithe Gaeilge | Bronnann an tAire an Chéad Séala Feabhais ar 54 Aistritheoir Creidiúnaithe Gaeilge |
|
| Written by Administrator | |
| Wednesday, 17 January 2007 | |
|
Bhronn an tAire Éamon O Cuív, TD, An Roinn Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, teastais inniu ar 54 aistritheoir ar éirigh leo an nuachreidiúnú a bhaint amach - na chéad aistritheoirí ar tugadh creidiúnú doibh faoi choras nua a d'fhorbair Foras na Gaeilge, (an Gúm agus an Coiste Téarmaíochta, san áireamh) i gcomhar le Rannog an Aistriúcháin. I mí Eanáir 2006, nuair a d'iarr an tAire ar Fhoras na Gaeilge coras creidiúnaithe a fhorbairt le haghaidh aistritheoirí Gaeilge/Béarla ní raibh aon phroiseas i bhfeidhm ag an am chun aistritheoirí a bhí ag obair san earnáil seo a mheas. Le bliain anuas, rinneadh an coras nuálach creidiúnaithe seo a fhorbairt agus bunaíodh dianphroiseas measúnaithe d'aistritheoirí. Mar thoradh ar an bproiseas seo tá painéal anois ann de 54 aistritheoir creidiúnaithe ar bhronn an tAire a dteastais orthu inniu. Ag labhairt do ag an ocáid, dúirt an tAire O Cuív "De réir mar atá Acht na dTeangacha Oifigiúla á chur i bhfeidhm agus go háirithe anois go bhfuil stádas iomlán ag an nGaeilge mar Theanga Oibre san Aontas Eorpach, tá gá níos mo againn anois ná mar a bhí riamh le líon mor aistritheoirí cumasacha. Le gur féidir linn cloí leis na spriocanna atá leagtha síos faoin Acht, is gá go mbeidh teacht ag an státchoras ar aistritheoirí d'ardcaighdeán." D'aithin Foras na Gaeilge na dúshláin a d'ardaigh an proiseas measúnaithe, go háirithe toisc nach raibh scrúduithe déanta riamh cheana ag cuid mhaith aistritheoirí Gaeilge/Béarla. Dar le Maighréad Uí Mháirtín Cathaoirleach, Foras na Gaeilge, "Bainfear leas as an gCoras Creidiúnaithe mar uirlis foghlama chomh maith, a thabharfaidh mion-aiseolas ar bhonn aonraic, mar aon le hoiliúnt leanúnach i réimsí na gramadaí agus na haistritheoireachta, doibh siúd nár bhain an caighdeán creidiúnaithe amach. Níl i mbronnadh na dteastas inniu ach an chéad chéim i bproiseas a leanfaidh leis ag tabhairt creidiúnaithe d'aistritheoirí." Déanfar monatoireacht ar obair na 54 aistritheoir creidiúnaithe ar bhonn leanúnach, agus beidh orthu tuilleadh scrúduithe a dhéanamh i gceann 5 bliana le caighdeáin feabhais a chinntiú. Ina theannta sin, cuirfidh an Coras Creidiúnaithe proiseas ar fáil do na hearnálacha poiblí agus príobháideacha chun gearáin a dhéanamh, a ndéanfar scrúdú cuimsitheach orthu, le haird faoi leith á díriú ar na haistritheoirí creidiúnaithe. On tús bhí sé mar aidhm ag na heagraíochtaí rannpháirteacha agus ag an Roinn coras láidir creidiúnaithe a fhorbairt a chuirfeadh san áireamh castachtaí na teanga, o chanúintí éagsúla, go dtí foirmeacha nua-aimseartha agus an téarmaíocht theicniúil. Tá áit lárnach ag Coras Creidiúnaithe atá tiomanta do na caighdeáin is airde i bhforbairt leanúnach na teanga. |
| < Prev | Next > |
|---|