News
Béal a Phobail
Blas ar 'Baffle' | Blas ar 'Baffle' |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 07 November 2007 | |
|
Tá ‘Gaeilge Locha Riach’ tar éis comhghairdeas a ghabháil le Coiste ‘Baffle’ as an 11ú féile ceiliúrtha a bhí acu i mBaile Locha Riach ar na mallaibh. Tugadh moladh mór d’Fhoras na Gaeilge as an tacaíocht ar fad a thugadar don fhéile. Bh? o?che den scoth ag lucht Baffle agus Gear?id Mac Lochlainn ar cuairt i mBaile Locha Riach. Sa ghrianghraf leis feictear Margaret Hickey, Cathaoirleach an choiste agus Si?n U? Dhomhnaill. Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh roimh an fhile Feirsteach, Gearóid Mac Lochlainn agus é ag léamh ina stíl aitheanta féin as saothair éagsúla atá curtha i gcrích aige thar na blianta. Bhí ceardlann liteartha speisialta faoi stiúir Shéamas Mac Annaidh. D’éirigh le go leor ábhair scríbhneoirí leideanna iontacha a fhoghlaim ón údar aitheanta seo. Ba léir gur éirigh le lucht na ceardlainne a scileanna scríbhneoireachta a fheabhsú. Bhí an chomórtas filíochta bunaithe ar an téama: ‘Aghaidheanna ag athrú’ agus bhí rannóga ar leith ann dírithe ar scoláirí is ar dhaoine fásta. Tugadh duaiseanna do na scoláirí Roisín Larkin, Maeve McDonald agus Ciara McGuinness agus bhí duais breá tuillte go maith ag Seán Ó Flannagáin as Creachmhaoil, dán a bhuaigh aitheantas speisialta le linn na féile. Dúirt Siún Uí Dhomhnaill, urlabhra Baffle, go raibh an coiste iontach tógtha leis na himeachtaí gaelacha i mbliana, go raibh forbairtí nach beag déanta acu i meacs daoine óga go háirithe agus gur bhreá leis an choiste tógáil ar na buanna seo sna blianta rompu. |
| < Prev | Next > |
|---|