News
Béal a Phobail
Beathaisnéis Sheosaimh Uí Éanaí i gcló | Beathaisnéis Sheosaimh Uí Éanaí i gcló |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 14 November 2007 | |
|
Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhágha mé bás choíche, le Liam Mac Con Iomaire, is teideal do bheathaisnéis Sheosaimh Uí Éanaí, ardrí an tsean-nóis, atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta. I gCarna a rugadh agus a tógadh Seosamh Ó hÉanaí, an t-amhránaí sean-nóis is mó le rá san fhichiú haois. Thug sé leis na hamhráin ón gcliabhán, agus ba dheacair dó gan é sin a dhéanamh mar bhí an ceantar ar maos le hamhráin agus ba i dteach ceolmhar a tógadh é. Chuir sé an traidisiún uasal, ársa seo os comhair na mílte duine ar fud an domhain lena bheo, agus bhí páirt lárnach aige in athbheochan an cheoil tíre in Éirinn, i Sasana agus sna Stáit Aontaithe, i gcomhar le leithéidí Ewan MacColl agus Peggy Seeger, the Clancy Brothers, Ronnie Drew, Séamus Ennis, Luke Kelly agus Willie Clancy. Fearacht go leor ealaíontóirí móra eile, ní duine suáilceach a bhí ann agus maireann a cháil mar fhear cantalach, crosta. Ach ní dhiúltódh duine ar bith don mhianach amhránaí a bhí ann, ní raibh a shárú le fáil. Deirtear faoina chuid amhránaíochta go mbíodh daoine faoi gheasa aige. Thuig sé féin go raibh sé de dhualgas air brí an amhráin, agus stair na cosmhuintire a choinnigh an traidisiún beo trí laethanta an ghanntanais agus an chruatain, a chur trasna ar a lucht éisteachta agus rinne sé é sin go paiteanta. Is é seo an cur síos a rinne an t-amhránaí Peadar Ó Ceannabháin ar an gcéad uair a chuala sé amhrán uaidh: Ó, bhain sé craitheadh asam! Bhain sé na deora as mo shúile! Bhí cineál sinsearacht éigin ina ghlór, agus bhí an dúchas sin aige. Bhí sé uilig ceaptha chomh cumasach aige. Rug sé greim uilig orm, ó bhun go barr. I Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhágha mé bás choíche, baineann Liam Mac Con Iomaire leas as agallaimh a rinne sé le go leor de chairde agus de lucht aitheantais Sheosaimh le cur leis an insint; orthu sin tá Peggy Seeger, Ronnie Drew, Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha, Tomás Mac Eoin, Michael Mháire an Ghabha Ó Ceannabháin, Liam Clancy, Tom Munnelly, John Faulkner, Joe Burke, Mick Moloney, Michael Davitt, Gabe Sullivan, Tony MacMahon agus Paddy Glackin. Tá cur síos ann ar óige Sheosaimh, ar an tréimhse a chaith sé i Sasana sna caogaidí, áit a mbíodh sé ag casadh sna folk clubs, ar na hOícheanta Seanchais sa Damer, ar rabharta mór na mbailéad i mBaile Átha Cliath sna seascaidí nuair a bhíodh Seosamh go seasta Tigh Donoghue, agus ar a sheal i Meiriceá, áit a ndeachaigh sé ag teagasc in dhá ollscoil agus áit ar bronnadh an National Heritage Award for Excellence in Folk Arts air, an gradam is airde i Meiriceá d’ealaíontóir tíre. Cailleadh i Seattle i 1984 é. Leis an leabhar tá dlúthdhiosca iomlán nua d’amhrán nár eisíodh riamh cheana. Is ó bhailiúchán Phroinsias Mhic Aonghusa, atá anois i seilbh RTÉ, a bhformhór. Tá an leabhar ar díol i siopaí ar fud na tíre agus ar www.cic.ie. |
| < Prev | Next > |
|---|