News
Béal a Phobail
Bairbiciú Dhátheangach an tSamhraidh á eagrú ag Gaillimh le Gaeilge | Bairbiciú Dhátheangach an tSamhraidh á eagrú ag Gaillimh le Gaeilge |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 18 June 2008 | |
|
Beidh Bairbiciú Bhliaintiúil Ghaillimh le Gaeilge ar siúl i Kelehans ar an Déardaoin 19 Meitheamh 2008 ag 6.30 i.n. Cuirfear Fáilte Uí Cheallaigh roimh Chairde, Stiúrthóirí, agus foireann Ghailimh le Gaeilge maraon le Méara na Gaillimhe, Comhairleoirí agus lucht na meán chumarsáide ag an ócáid bhliaintúil seo atá urraithe ag Údarás na Gaeltachta agus JSL (Stewart) Ltd. Seo an seachtú Bairbiciú bliantúil eagraithe ag Gaillimh le Gaeilge. Tugann an ócáid seo deis do Ghaillimh le Gaeilge buíochas a ghlacadh le gach duine a thugann tacaíocht don ghluaiseacht le Cathair na Gaillimhe a chur chun cinn mar Chathair dháthaengach agus chun stádas oifigiúil dátheangach a bhaint amach don chathair. Bhí bliain ghnóthach againn arís i mbliana agus muid ag ceiliúradh 21 bliain i ngnó. I measc na dtograí nua bhí; seoladh Séala Sheosaimh Uí Ógartaigh i gcomhar le Bord Fiontar Contae agus Cathrach na Gaillimhe - comhartha d’ardchaighdéan sa dátheangachas atá anseo a bhéas le feiceáil ar stáisneóireacht, ábhar maragaíochta agus suíomhanna gréasáin na mbuaiteoirí agus iar-bhuaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. I mí Aibreán, sheol Méara na Gaillimhe Tom Costello an chomharthaíocht, ‘Gaeilge agus Fáilte’. S’éard atá i gceist le ‘Gaeilge agus Fáilte’ ná píosaí deisce agus greamaitheoir fuinneoige a léiríonn gur féidir seirbhís a fháil i nGaeilge ón té atá ag úsáid iad. Tá sé mar aidhm ag na comharthaí seo ‘Gaeilge agus Fáilte’ cuidiú le daoine gnó a dhéanamh trí mhéan na Gaeilge sa chathair agus is deis é chomh maith do ghnólachtaí a chur in iúl go bhfuil siad sásta seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil. Maraon leis na tograí seo tá forbairt á dhéanamh ar bhonn leanúnach ar infheictheacht na teanga sa chathair I gcomhar leis an lucht gnó agus grúpaí eile sa Chathair. Ag an mBairbiciú, beidh snagcheol á sheinm ag an Gypsy Jazz Trio agus beidh bia álainn blasta Kelehans le fáil faoi scáth radharc aoibhinn Loch na Coiribe. Cuireann an ócáid seo críoch deas le himeachtaí shóisialta Ghaillimh le Gaeilge don samhradh - tosóidh na himeachtaí arís i mí Meán Fómhair. Le tuilleadh eolais faoin mBairbiciú nó faoi Ghaillimh le Gaeilge déan teagmháil le do thoil le Gearóidín ar 091-568876 nó This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it |
| < Prev | Next > |
|---|