News
Béal a Phobail
Ardmholadh na nArdscoile | Ardmholadh na nArdscoile |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 09 April 2008 | |
|
Bhí an oiread gabháil chun cinn ó thaobh na Gaeilge de déanta ag scoláirí Ardscoil Mhuire i mBéal Átha na Slua gur mhothaigh Conradh na Gaeilge sa bhaile gur cheart is gur chóir an méid atá déanta a aithint agus a cheiliúradh. Le deireanas, bronnadh suas le ceithre scór suaitheantais éagsúla ar dhaltaí mar ghradaim ar na buanna gaelacha atá acu. Bhí idir suaitheantais an Bhéal Bhinn, Fáinní Airgid agus Fáinní Óir bronnta. I measc na beartanna gaelacha atá curtha i gcrích san Ardscoil ná gur bunaíodh Cumann Gaelach dá chuid féin. ‘Beatha Teanga’ an t-ainm atá ar an chumann seo agus is iad na daltaí sinsearacha ó na ranganna Ardteiste a bhíonn mar cheannairí ar an club. Is cosúil go bhfuil ‘Beatha Teanga’ ag gabháil ó neart go neart agus fonn ag daltaí páirt a ghlacadh in imeachtaí éagsúla; Comórtais Díospóireachta go háitiúil le Gaeilge Locha Riach agus go náisiúnta Gael Linn, Tráth na gCeist an Chonartha agus Féile Scoildhrámaíochta. Gan amhras, d’éirigh go maith leo sna comórtais éagsúla agus iad i gcónaí i measc na buaiteoirí. Tuigtear gur cuireadh clár breá leathan le chéile le haghaidh Sheachtain na Gaeilge agus Ceolchoirm Mhór na seachtaine eagraithe acu féin mar cheiliúradh ar na gnéithe cultúrtha is saibhre sa chomharsanacht. Gan amhras, bhí Conradh na Gaeilge agus Gaeilge Locha Riach breá sásta na gníomhartha gaelacha seo a aithint agus dúirt Máirín Uí Thuairisc, Cathaoirleach nas Craoibhe, go raibh na gradaim tuillte go maith ag na daltaí seo uile agus í ag guí gach rath ar a n-iarrachtaí. |
| < Prev | Next > |
|---|