News
Béal a Phobail
Ar an eolas | Ar an eolas |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 11 June 2008 | |
|
D'eagraigh Gaelscoil Riabhach Lá Eolaíochta speisialta ar na mallaibh ina raibh múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí agus pobal na Gaelscoile uile rannpháirteach. Bhí taispeántais iontacha eagraithe ag gach uile rang sa scoil ó na Naíonáin Bheaga go Rang 6. Chuir na daltaí an méid a bhí foghlamtha acu i dtaobh cúrsaí eolaíochta i láthair do chuairteoirí agus iad ag feidhmniú mar mhúinteoirí bheaga iad féin ag cur pobal na Gaelscoile ar an eolas. Bhí deis ag na daltaí dul ar chamchuairt thart ar na ranganna eile sa scoil agus iad uilig ag foghlaim óna chéile fa chúrsaí eolaíochta idir chúrsaí Fisice, Ceimice agus Bitheolaíochta. Cinnte bhí go leor foghlamtha ag na tuismitheoirí is ag na múinteoirí féin. Le cúpla bliana anois, tá teastais bronnta ar Ghaelscoil Riabhach as an mhéid oibre atá déanta acu i gcúrsaí eolaíochta sa scoil agus is cosúil go mbeidh siad ag tógáil ar an dea-obair sna blianta amach romhain agus saineolaithe óga ag fás is ag forbairt. |
| < Prev | Next > |
|---|