|
Written by Administrator
|
|
Wednesday, 29 August 2007 |
|
Tá an nasc ceoil is teangan neartaithe níos mó idir mhuintir Oirthear
na Gaillimhe is Gaeil Bhéal Feirste tar éis Tionól Fidiléireachta a
eagraíodh ann ag deireadh na seachtaine. Rinneadh go leor cairde le
linn Scoil Ceoil an tSamhraidh Broderick/Carty i mí Iúil agus trí
theaghlaigh ó Bhéal Feirste ag freastal ar an ócáid. Is cosúil gur
bhain cách sult as cuideachta a chéile le linn an scoil ceoil agus
tugadh cuireadh do cheoltóirí óga Oirthear na Gaillimhe gabháil ó
thuaidh agus freastal ar Tionól Fidiléireachta 11 Lúnasa in Iarthar
Bhéal Feirste le linn Féile an Phobail sa chathair.
Ghlac naonúr leis an cuireadh agus cuireadh fáilte fíor-Feirsteach leo agus lóistín curtha ar fáil dóibh chomh maith. B’é an eagraíocht ‘Glór na Móna’ a d’eagraigh an Tionól Fidiléireachta agus a chinntigh go raibh gach rud in ord is in eagar dá chuairteoirí.
D’éirigh leis na Gaillimhigh neart a fhoghlaim le linn an Tionól Fidiléireachta agus múinteoirí d’ardchaighdeán i mbun teagaisc. Ní amháin sin ach bhí deis acu cuairt a thabhairt ar na hionaid cultúrtha sa chathair agus a bheith páirteach i seisiúin ceoil i gcuid de na tithe tabhairne is aitheanta ann.
Tháinig na ceoltóirí óga ar ais arís chuig a gceantar dúchais agus iad iontach tuirseach ach ag caint ar an chraic is an sult a bhain siad as an turas. Tuigtear anois go bhfuil pleananna á leagadh síos cheana féin don chéad ócáid eile a mbeidh deis ag na ceoltóirí thuaidh is theas bualadh lena chairde úrnua.
Comments () » |
 |
|