Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow An Cléireach Seolta agus Club Léitheoireachta Fógartha
An Cléireach Seolta agus Club Léitheoireachta Fógartha E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 19 December 2007

Seoladh An Cléireach, leabhar nua le Darach Ó Scolaí,  i Músaem Cathrach na Gaillimhe le gairid, uair gur fograíodh go mbeadh tús á chur le club léitheoireachta Gaeilge tar éis na Nollag. 

Is i Músaem na Cathrach atá dealbh Phádraig Uí Chonaire suite anois, mar sin is áit an-oiriúnach í seo chun léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh.  Is féidir le daoine go bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa gClub Léitheoireachta teagmháil a dhéanamh leis an Músaem ag 091 532464 nó tré ríomhphost ag This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it

Beidh an club léitheoireachta ag díriú ar an leabhar, An Cléireach, don chéad mhí.  Leabhar é seo a bhuaigh mór dhuais ó Oireachtas na Gaeilge i mbliana, duais a bhí urraithe go speisialta ag na Prionsiasaigh chun ceiliúradh a dhéanamh ar 400 bliain ó bunaíodh ionad léinn Louvain ar an mór Roinn. 

Leabhar ficsin stairiúil is ea An Cléireach, suite ins na 1600aí, agus ag díriú ar scata filí agus saighdiúirí a chastar ar a chéile ar bharr sléibhe i rith aimsir cogaíochta.  Nuair a thagann siad le chéile tógann saol na h-ealaíne greim orthu ar feadh scaitheamh. 

Is leabhar é seo atá lán le greann agus gnímh agus atá an-dílis do stair an ama.  Ag seoladh an leabhair labhair na hOllaimh, Gearóid Ó Tuaithaigh agus Míchéal MacCraith ar fheabhas an leabhair ó thaobh na staire de.  Moladh go mór freisin stíl scríbhneoireachta Uí Scolaí, fear a bhfuil gradaim bainte amach aige do dhramaí agus do dá chuid ealaíontóireacht le blianta beaga anuas.  Tá An Cléireach le díol ó Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe agus ó shiopaí leabhar ar fud na tíre.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 1
PoorBest 
< Prev   Next >

Do you think Galway moving into Leinster is a good idea?