|
Written by Administrator
|
|
Wednesday, 11 July 2007 |
Beidh Branar Drámaíochta ag crochadh brat na Gaeilge go h-ard i rith seachtaine na Féile Ealaíne i mbliana le seo nua do pháistí atá lán de spleodar agus spraoi, a bheidh ar siúl sa Taibhdhearc ar an 27ú, 28ú agus 29ú Iúil, ag 3.00i.n gach lá.
An Chéad Chéim is ea an teideal don saothar nua o Bhranar, atá
oiriúnach do pháistí seacht mbliana d'aois agus níos sine. Isíonn
Branar scéal beirt bhuachaill Myles agus Dano. Tá Myles agus a mháthair
tar éis bogadh go dtí baile nua. Tugann Myles leis a shamhlaíocht
iontach, séideann sé beocht i ngnáth uirlísí an tí agus cruthaíonn sé
scéalta samhailteacha. Ach nuair a chasann Myles agus Dano ar a chéile,
tosnaíonn sraith imeachtaí nach mbeidh Myles in ann stopadh gan cabhair
ona shamhlaíocht. Nochtaíonn an dráma an samhlaíocht iontach láidir atá
ag buachaill amháin agus an chaoi nár ligeadh céad do shamhlaíocht an
buachaill eile fás.
Baintear
leas as puipéideoireacht neamh ghnáth agus ceol nua chumtha sa léiriú
snasta agus cliste seo. Tá gach eolas le fáil o Branar ag 086 8546616,
This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it
agus on Taibhdhearc 091 53600.
Comments () » |
 |
|