Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow An Bhliain atá Amach Romhainn... Liathróid Chriostail...
An Bhliain atá Amach Romhainn... Liathróid Chriostail... E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 02 January 2008

(Bréag scéalta na bliana atá amach romhainn!)

Chuile bhliain ag an am seo breathnaíonn 'Béal a 'Phobail' isteach sa liathróid chriostail chun an bhliain amach romhainn a léamh (bheul, seo an chéad uair riamh go ndearna muid é, ach ní dóigh linn go gcuimhneoidh aon duine ar céard a rinne muid anuraidh!).  Mar sin, má tá pingin le caitheamh agat leis na geallghlacadóirí is fiú gníomhú ar na nodanna seo.

1.  Pósfaidh an Taoiseach Brian Dobson. Théis na trioblóidí uilig a bhí ag an Bert i mbliana, is féidir leis féachaint siar ar an agallamh a bhí aige le Dobo mar bhuaicphointe na bliana, agus an chúis gur ath-toghú é.  Ó mí Feabhra ar aghaidh feicfear an bheirt acu ar OK Magazine, ag luí ar Yacht sa Mhéan Mhuir.

2.  Labhróidh Eoghan Harris ar an Late Late Show faoin crá-croí a aithríonn sé théis gur fhág Bert é chun éalú in éineacht le Dobson.

3.  Gheobhaidh an domhain amach gurb iad Pat Rabitte agus Eamonn Gilmore an fear céanna ach le péire spéaclaí agus wig rua curtha ar a chloigeann ag Gilly.  Fear ón Irish Times a nochtóidh an scéal seo tar éis dó tabhairt faoi dearadh nach mbíonn an bheirt in aon sheomra amháin le chéile ariamh.

4.  Tiocfaidh méadú ar an ngéarchéim eacnamaíochta sa tír agus déanfar Aire Airgeadais de Noel Grealish chun deireadh uilig a chur leis na PDs.  Ansin déanfar tairisceofar Aireacht na nDrugaí don Chomhaontas Glas.

5.  Fógróidh Enda Kenny i nGaeilge bhlasta bhreá go bhfaighidh Fine Gael réidh le Gaeilge má thoghfar go deo iad.

6.  Déanfaidh Roinn na Gaeltachta suirbhé mór ar líofacht na Gaeilge i measc 'na nÉireannach nua' a léireoidh go bhfuil 0% de na heachtrannaigh a thagann go hÉireann in ann an teanga a labhairt.  Tabharfar 'catagóir F' ar na Gaeilgeoirí seo agus ardófar ceist maidir le díogras rialtais na Polainne agus na Nigéire i leith múineadh na Gaeilge sa bhunscoil. 

7.  Gheobhadh fear ón Irish Times amach nach daoine daonna iad George Hook, Eamonn Dunphy, Vincent Browne ná an Comhairleoir P. Ó Conghaile ach meaisíní atá á oibriú ag seanbhean i gCo. Liatroma nár dhúirt droch fhocal le h-aon nduine riamh.

8.  Beidh an saol spóirte trína chéile nuair a éireoidh le taibléid ar rothar an Tour de France a bhuachaint.

9.  Tosóidh Bob Geldof feachtas mór chun airgead a bhailiú chun Bernard Dunne a bheathú.  Scríobhfaidh Midge Ure amhrán den teideal 'Feed the Dunne' agus roimh an 'rematch' le Kiko Martinex casfaidh Bono an líne 'well tonight thank God it's him, instead of me'.

10.  Tiocfaidh an Pápa ar chuairt go hÉireann ar dhriom Ian Paisley.  Beidh Martin McGuinness taobh thiar dóibh ag gáire. 


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Do you think Third Level fees should be re-introduced?