Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Albam Nua le Charlie Lennon
Albam Nua le Charlie Lennon E-mail
Written by Administrator   
Wednesday, 01 August 2007
Turning the Tune is teideal do dhlúthdhiosca dúbailte nua de cheol fidle ó Charlie Lennon, dlúthdhiosca amháin de cheol nuachumtha san áireamh, eisithe ar lipéad CIC.

"Tá dlúthdhiosca amháin ag breathnú siar, tá an ceann eile ag breathnú chun cinn." Is é sin an cur síos a rinne Charlie Lennon ar an dlúthdhiosca dúbailte nua uaidh, Turning the Tune. Is duine de mhuintir Lennon as Coillte Clochair i gCo. Liatroma é Charlie, deartháir le sárfhidléir eile, Ben Lennon, agus tá seanchleachtadh aige ar an gceol traidisiúnta. Is iomaí athrú atá feicthe aige sa traidisiún le blianta anuas ach feictear dó anois go bhfuil an iomarca lagaithe á dhéanamh ar an gceol. "Tá an traidisiún ag síor-athrú agus caithfear súil a choimeád ar an treo ina bhfuil muid ag dul nó tá an baol ann go gcaillfidh muid an stiúir," a deir sé.

An dúshlán atá romhainn, dar leis, tógáil ar an traidisiún agus is é sin bunphrionsabal Turning the Tune. Is iad na seanphoirt atá le cloisteáil ar an gcéad dlúthdhiosca a chaitheann súil siar ar fhréamhacha an traidisiúin agus ar iarmháistrí an cheoil, Morrison, Killoran, Coleman agus Reavy san áireamh. Tá cóiriú nua curtha ag Charlie ar chuid de na foinn seo laistigh den traidisiún, rud a thugann le fios na féidearthachtaí atá ann. Caitheann an dlúthdhiosca eile súil chun cinn agus is ceol nuachumtha ina iomlán atá le cloisteáil air. Deir Charlie faoi na píosaí nuachumtha seo: "Bíonn sé ina chabhair domsa agus mé ag cumadh ceoil daoine agus áiteanna a thabhairt chun cuimhne agus iarracht a dhéanamh ar iad a athchruthú i gceol. Is ceol traidisiúnta is mó atá anseo ach in amanna ghluais mé i dtreo seánraí eile leis an scéal a insint go soiléir." Tá cur síos sa leabhrán ar an spreagadh a bhain le gach píosa ceoil, rud a fhágann blas fíorphearsanta ar an albam.

Ar na ceoltóirí eile atá le cloisteáil ar an albam tá: Brian McGrath, Frank Kilkelly, Éilís Lennon, Brian Lennon, Johnny agus Johnny Óg Connolly, Steve Simmons agus Emmet Gill Seolfar an dlúthdhiosca i dtábhairne an Crane i nGaillimh Déardaoin 26 Iúil.

Tríocha rian san iomlán atá ar Turning the Tune, agus tá sé ar díol i siopaí ceoil agus ar www.cic.ie

Is as Coillte Clochair, Co. Liatroma do Charlie Lennon agus is fear fíoréirimiúil atá ann. Thosaigh sé ag seinm ar an bpianó agus ar an bhfidil nuair a bhí sé seacht mbliana d'aois, agus tá staidéar déanta aige ar an veidhlín clasaiceach agus ar armónaigh an tsnagcheoil chomh maith. Chaith sé tréimhse ag staidéar i Sasana, áit ar bronnadh dochtúireacht san fhisic núicléach air. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Bhanna Céilí Learphoill, buaiteoirí Chraobh na hÉireann. Is cumadóir bisiúil é, leis, agus tá trí shraith cheoil cumtha aige - 'The Emigrant Suite', 'Island Wedding' agus 'Flight from the Hungry Land', chomh maith le píosaí ceoil aonair. Bronnadh gradam 'Cumadóir na Bliana' TG4 air i 2006.

 


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 1
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?