Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Albam nua le Beairtle Ó Domhnaill
Albam nua le Beairtle Ó Domhnaill E-mail
Written by Administrator   
Wednesday, 29 August 2007
Is fada muintir Chonamara ag fanacht ar an dlúthdhiosca nua seo le Beairtle Ó Domhnaill, Nancy Bhán, atá eisithe anois ar lipéad CIC.

Is as Foirnis i Leitir Mealláin do Bheairtle Ó Domhnaill agus tá an-cháil air mar amhránaí in iarthar na hÉireann. Bíonn sé ag casadh go rialta leis an ngrúpa Ceann Gólaim i dtithe ósta ar fud Chonamara agus is fada a lucht leanta ag éileamh albam nua uaidh mar gur i 1993 a eisíodh albam nua go deireanach leis, Summer-time in Ireland. Fiche amhrán san iomlán, idir Bhéarla agus Ghaeilge, atá ar Nancy Bhán.

Déanann na hamhráin ceiliúradh ar stair agus ar thraidisiúin Chonamara, le hamhráin in ómós do John Mannion, an dornálaí as Ros Muc, agus Pádraic Dharach, an bádóir as Garumna, san áireamh, chomh maith le hamhráin a cheiliúrann traidisiún na mbád orthu sin tá “An Mary Ann” agus “Púcan Mhicil Pháidín”. Ar na hamhráin eile atá le cloisteáil tá “Nancy Bhán”, amhrán a mbíonn an-tóir air, “Amhrán Tom Deairbe”, i gcuimhne ar an mbádóir cáiliúil agus “I m’fhear óg i Ros an Mhíl”, cuimhní cinn imircigh ar a óige. Ar na hamhráin Bhéarla tá “Lonely Banna Strand”, “This World is not my Home” agus “Rodeo Man”.

Is stíl Ghaelcheol tíre atá sna hamhráin ar an albam seo, stíl ar chuir Beairtle agus John Beag Ó Flatharta tús léi, atá le cloisteáil go forleathan anois i gConamara. Is í Dympna Carroll an t-amhránaí taca ar an albam agus tá tionlacan ceoil ó Mick Conneely, Eugene Kelly, Ger Fahy agus Eugene Killeen. Tá Nancy Bhán ar díol i siopaí ceoil, i siopaí áitiúla agus ar www.cic.ie.
 


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >

Would you trust the cancer services in this country?