News
Béal a Phobail
Albam in ómós d'Andy McGann | Albam in ómós d'Andy McGann |
|
| Written by Administrator | |
| Wednesday, 01 August 2007 | |
|
A Tribute to Andy McGann is teideal do dhlúthdhiosca nua le Joe Burke, Brian Conway agus Felix Dolan i gcuimhne ar an bhfidléir Andy McGann, nach maireann, as Nua-Eabhrac.
Rugadh agus tógadh Andy McGann i Nua-Eabhrac agus b'as Sligeach dá thuismitheoirí. Bhí sé ar dhuine de laochra móra cheol traidisiúnta na hÉireann i Meiriceá. Bhí an pobal inar tógadh é an-lách do stíl cheoil Shligigh-Mheiriceá, a bhí cruthaithe ag imircigh as Sligeach glúin roimhe sin, leithéidí Micheal Coleman agus James Morrison ina measc. Thosaigh sé ag foghlaim na fidle in aois a sheacht mbliana. Rinne Michael Coleman, cara lena mhuintir, é a theagasc, agus sheinneadh Andy leis go minic go dtí gur cailleadh Coleman i 1945. Bhí ceol iontach binn ag Andy, gan é a bheith iomarcach, ceol corraitheach agus grástúil, agus is iomaí ceoltóir óg a rinne iarracht aithris a dhéanamh air. Sa deireadh, ba é an ceoltóir eiseamláireach i stíl Shligigh-Mheiriceá é, an stíl ar chuir Coleman tús leis, agus chuidigh sé leis an traidisiún sin a sheachadadh chuig glúin eile ceoltóirí, Brian Conway ina measc. Tá nótaí cuimsitheacha ar Andy McGann agus ar an triúr ceoltóirí ar an albam le fáil sa leabhrán. Tá A Tribute to Andy McGann ar díol i siopaí ceoil agus ar www.cic.ie <http://www.cic.ie> Seolfar an dlúthdhiosca ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach ar an 8 Iúil. Seolfar an dlúthdhiosca, leis, le linn Catskills Irish Arts Week in East Durham, Nua-Eabhrac ar 20 agus 21 Iúil. Tuilleadh eolais le fáil ag www.east-durham.org |
| < Prev | Next > |
|---|