News
Béal a Phobail
Ag tabhairt an ceol abhaile ó Mheiriceá go Gaillimh | Ag tabhairt an ceol abhaile ó Mheiriceá go Gaillimh |
|
| Written by Staff Reporter | |
| Wednesday, 20 February 2008 | |
|
Tá Heather Martin Bixler agus Dawn Doherty, beirt cheoltóir traidisiúnta den scoth ó Meiriceá, ag teacht chomh fada le Gaillimh chun gig amháin a dhéanamh i gClub Árus na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar an Satharn 23 Feabhra. Tá Heather ag déanamh staidéir ar cheol traidisiúnta agus ceol clasaiceach ó bhí sí ocht mbliana d’aois. Is ceoltóir cáiliúil í agus casann sí ceoil le leithéidí Brian Conway agus Meave Donnelly. Tá turas timpeall thuaisceart na hÉireann críochnaithe aicí le déanaí. Tá Dawn Doherty báite sa cheol traidisiúnta agus in amhránaíocht sean-nóis ó chur a sean-máthair in aithne di iad. Tá craobh na hÉireann buaite aicí dhá uair déag agus cosúil le Heather, seineann sí ceol ar fud an domhain. Tá ceol seinnte aicí le ceoltóirí cáiliúil ar nós Ricky Skaggs agus roghnaíodh í chun amhráin a chanadh do Jean-Kennedy Smith.Tá áthas an domhain ar an mbeirt seo a bheith ag teacht go Gaillimh chun oíche mhór ceoil thraidisiúnta agus amhránaíocht ar an sean-nós a chuir i láthair. Tosaíonn an seisiún ag 9:30i.n, tá costas €5 ar na ticéid agus tá siad le fáil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sráid Doiminic (091-567824) nó ar an oíche. |
| < Prev | Next > |
|---|