|
Written by Staff Reporter
|
|
Wednesday, 12 September 2007 |
|
Cuir snas ar na maidí croise, nigh na fiacla bréige agus cíor an wig breá nua, mar tá iar sheaimpíní an chondae ó 1996 chun an fhód a sheasamh do sheanleaids ar fud na tíre. Tá CLG An Cheathrú Rua ag comóradh 40 bliain i mbliana, agus mar pháirt don cheiliúradh tá an cumann ag tabhairt cuairt ar Inis Mór Árainn ar an Satharn an 15ú Meán Fhómhair, áit a mbeidh cluiche dúshláine idir seaimpíní 1996 agus foireann na bliana seo.
Imreoidh siad dhá chluiche dúshláine amuigh ar an oileán, ar dtús fóirne fé-15 An Cheathrú Rua i gcoinne buachaillí Árainn agus ansin tiocfaidh foireann buacach corn Frank Fox 1996 ar ais le chéile i gcóir cluiche i gcoinne foireann sinsir na bliana seo. Beidh na laochra buacach le feiceál ag imirt le chéile arís agus foireann na bliana seo ag iarraidh coinneál leo.
Beidh bád do chuid Island Ferries, Paddy agus Sally Ó Brian ag fágál calaphórt Ros a Mhíl ag a 11.30am agus ag filleadh ag 7.30in. Is €15 a bheas ar ticéad fillte agus beidh ceapairí agus sóláistí in aisce le fáil ar an mbád. Tá fáilte roimh chách.
Comments () » |
 |
|