Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Úrscéal Nua le Pádraig Standún
Úrscéal Nua le Pádraig Standún E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 19 December 2007

Díbirt Dé is teideal don úrscéal is deireanaí ó pheann Phádraig Standún, foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta. Scéal casta atá á ríomh anseo faoi shagart paróiste agus a chuid iarrachtaí stiúir a choinneáil ar mhuintir a pharóiste in ainneoin deacrachtaí móra, grá faoi cheilt idir bheirt atá pósta, agus sagart a rinne ionsaí gnéis ar ghasúir, ina measc.

Tá an tAthair Séamas Ó Conacháin go mór faoi bhrú. Tá seanchara leis, an tAthair Micheál Ó Ruairc, saor i ndiaidh téarma príosúntachta a gearradh air de bharr éigniú gasúir, agus tá ordú tagtha ón Easpag go bhfuil sé le fanacht le Séamas i dteach an tsagairt. Is deacair do Shéamas a dhímheas ar a sheanchara a cheilt, ach ar mhaithe leis féin sin a chaithfidh sé a dhéanamh, mar má sceitear an rún beidh deireadh leis. Ní mó ná sásta atá Ó Ruairc faoin socrú seo ach oiread agus fios maith aige nach fáilte atá roimhe, ach níl an dara rogha aige. Is beag a shíleann muintir an pharóiste go bhfuil a leithéid ina chónaí ina measc, agus go deimhin is é an rud is mó atá ag déanamh imní do Mharcas Mac Cába, Caitliceach diaganta dílis, an easpa measa ag meáin na tíre ar an Eaglais. Tá an chuma ar Bill agus Sharon de Brún go bhfuil siad sásta go maith le chéile agus iad ag tógáil a mic, Liam, ach ní mar a síltear a bítear agus tá Bill i mbun caidrimh le hAoife, bean chéile Adam, cara leis. Ar éigean is féidir leis an mbeirt acu srian a choinneáil orthu féin agus iad beag beann ar dhiscréid a thuilleadh. An iliomad rún – an iliomad ag brath orthu.

Cuirfidh lucht léite Phádraig Standún fáilte mhór roimh an leabhar nua seo uaidh ina bhfilleann sé ar an scéalaíocht chonspóideach a thuil cáil dó ar dtús agus ar shíorchíoradh cheisteanna an chreidimh agus na hEaglaise. Tá an leabhar ar díol anois i siopaí ar fud na tíre agus ar www.cic.ie


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 1
PoorBest 
< Prev   Next >

Do you think there is enough high quality student accomodation around Galway?