Skip to content

Galway Independent

Home arrow News arrow Béal a Phobail arrow Ómós don Oidhreacht in Oirthear na Gaillimhe
Ómós don Oidhreacht in Oirthear na Gaillimhe E-mail
Written by Staff Reporter   
Wednesday, 17 September 2008

Bhí roinnt imeachtaí eagraithe ar mhaithe le tábhacht oidhreacht Oirthear na Gaillimhe a ardú le deireannas.

Mar a tharla, bhí Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin agus Gaeilge Locha Riach ag comhoibriú arís i mbliana le linn Sheachtain Oidhreachta le roinnt imeachtaí a eagrú tábhacht oidhreacht an cheantair a chomóradh.

Bhí Oíche Oidhreachta eagraithe Déardaoin 28 Lúnasa le cúrsaí oidhreachta a phlé idir gnéithe timpeallachta, staire agus cultúrtha. Tugadh cluas l’éisteacht do na haoíchainteoirí, Tamas Paterváry, seandálaí, an Dochtúir Anita Donaghy, Birdwatch Ireland agus Monica Hynes, Ionad Oidhreachta na Gráige. Thug Tamas léargas speisialta ar thábhacht logainmneacha na háite agus cúrsaí seandálaíochta léirithe chomh maith aige.  Chuir Anita síos ar chás an traonaigh in Éirinn agus ar an bhaol go bhfuil sé ag dul in éag in Oirthear na Gaillimhe go hiomlán. Léirigh Monica cúrsaí ginealaíochta an cheantair agus í ag cur síos ar na tograí staire eile idir lámha ag an Ionad Oidhreachta in Oirthear na Gaillimhe.

Bhí Siúlóid Sléibhe eagraithe thart ar Sliabh Eachtaí i gceantar Ghráig na Muilte Iarainn Satharn 30 Lúnasa. Dermot Moran, staraí áitiúil, a bhí i gceannas ar an shiúlóid seo a stiúradh agus treoir tugtha aige ar stair, cultúr is nósanna an cheantair leis. Shiúl thart ar dhá scór duine Bealach Sháirséalaigh. I ndiaidh Chath Eachroma, deirtear gur éalaigh cuid den arm le Pádraig Sáirseal, gur stop sé i gCathair na Garraí, i mBallán, gur chuir sé bróga na gcapall droim ar ais agus gur lean siad ar aghaidh trí na Sléibhte Eachtaí ar a mbealach go Luimneach. Chreid na fórsaí eile go raibh siad ag taisteal treo eile. Cleas eile a rinneadh ná gur chuir sé éide airm ar chiorcal cloiche taobh le Baile Locha Riach sa dóigh is gur chried a naimhde go raibh cuid acu ag seasamh an fhóid ansin. Níor lean an siúlóid sléibhe chomh fada le Luimneach ach fuair gach duine léargas bhreá ar an cheantair uile mórthimpeall orthu.

Bhí Toraíocht Taisce eagraithe thart ar an bhaile cois locha Domhnach, 31 Lúnasa.

Bhí suas le ceithre fhoireann déag idir óg is aosta páirteach san  imeacht seo thart ar bhaile ársa Locha Riach. Bhí go leor spraoi is sult ag teaghlaigh agus iad ag iarraidh fuascailt na ceisteanna i nGaeilge a aimsiú thart ar an bhaile. Le linn an chraic, bhí siad ag foghlaim is ag cur aithne níos fearr ar stair is dúlra an bhaile. Cuireadh deochanna agus smailceanna bia ar fáil sa Comhar Creidmheasa ina dhiaidh agus plaiceanna cuimhniúcháin is boinn bronnta ar na foirne lena d’éirigh na ceisteanna a fhreagairt i gceart.


Comments (0) »
feed


Write the displayed characters


busy
 
User Rating: / 0
PoorBest 
< Prev   Next >


Custom Search
Do you think it is fair that non-married couples cannot avail of fertility treatment?